Main content

Sailéad de phrátaí teo agus ispíní

Warm potato and sausage salad prepared by Éamonn Ó Catháin

Sailéad de phrátaí teo & ispíní le hÉamonn Ó Catháin

䰿ѱÁᴡ
2 phráta nó 3 phráta an duine. Is féidir prátaí a chócaráil don sailéad seo nó is féidir prátaí nár itheadh aréir a úsáid, ach ná déan dearmad an craiceann a bhaint díobh).
2 sheallóid
dos beag peirsile
ola phis talún
Mustard Dijon
Salann, piobar dubh
Fínéagar bán fíona, ceirtlise, nó biotáille.
Ispíní (Is fearr ispíní Toulouse nó ispíní garbha Iodálacha. Muna bhfuil siad seo ar fáil, ceannaigh an t-ispín is fearr & is daoire & is féidir. Ná bac leis na bréagispíní bána mílítheacha sin atá lán ceimiceán – ní dhéanfaidh siad cúis).

MODH
Bain an craiceann de na prátaí & ansin déan cócaráil orthu go dtí go mbíonn siad “go díreach bog”. Cuir na hispíní is rogha leat isteach san uisce céanna go ceann 10 mbom. nó mar sin lena gcócaráil – ní bheidh an oiread céanna leictreachais, oibre ná uirlisí de dhíth ort! Bain as an uisce iad & déan iad a ghríosadh faoin ghríoscán. Nuair a bheidh na prátaí déanta, bain as an uisce iad, athúraigh iad & déan slisíní díobh ach coinnigh an t-uisce te sin sa phota! Blasta, blasta, iontach, iontach blasta!
Déan an t-anlann fínéagair – cuir 3 spúnóg bhoird mhóra den ola olóige isteach i mbabhla mór measctha.
Cuir 1 spúnóg bhoird mhór den mhustard Dijon ón Fhrainc (déanann náisiúin eile mustard “Dijon” ach ní bhíonn sé mar an gcéanna, mar ní thuigeann siad nach ceart siúcra a chur i mustard Dijon). Buail isteach é (bain úsáid as forc mura bhfuil greadtóir agat) go dtí go mbíonn sé measctha mar is ceart & ansin cuir 1 spúnóg bhoird den fhínéagar ceirtlise ann.
(Má cheannaíonn tú prócaí gircíní nó oinniún srl. is iondúil go mbaintear úsáid as fínéagar biotáillí lena leasú. Is féidir an fínéagar a úsáid le hanlanna den sórt seo a dhéanamh i ndiaidh duit na picilí a ithe.)
Cuir sciar fial peirsile ann & blaistigh le salann & le piobar. Gearr na seallóidí go mion, cuir isteach & measc go maith.
Nuair atá an bia ar fad réidh, déan slisíní de na hispíní & coinnigh te iad faoi ghríoscán ar theas íseal nó san oigheann. Cuir na prátaí slisnithe i gcriathar miotail & tum san uisce te iad lena dtéamh arís.
Bain na prátaí den uisce, croith an t-uisce breise díob & lig dóibh titim isteach san fhínéigréad sa bhabhla láithreach. Measc láithreach. Súnn na prátaí i bhfad níos mó den anlann isteach & iad fliuch te. Is é sin is cúis leis an bhéile seo bheith chomh speisialta sin, in ainneoin nach bhfuil a lán comhábhar ann. Téann blas na seallóide & an fhínéagar isteach go domhain i ngach slisín práta & sin é an fáth nach féidir gan an sailéad seo a ithe ná dearmad a dhéanamh den bhlas ina dhiaidh!
Cóirigh na prátaí ar phláta & cuir slisíní den ispín te ar a mbarr. Ith le duilleoga sailéid & le trátaí.

Warm potato and sausage salad

INGREDIENTS

2 or 3 potatoes per person. ( potatoes can be cooked specifically for this salad or could be left over from the previous night’s meal. In any case – peel them).
2 shallots
Small bunch parsley
Groundnut or peanut oil
Dijon mustard
Salt, black pepper
White wine, cider or spirit vinegar.
Sausages (preferably Toulouse or an Italian coarse sausage. Seek out the best coarse pure pork sausage you can find and can afford.

METHOD
First, peel the potatoes and then cook them “just so”. Save on electricity, washing up, extra utensils etc, by plunging the sausage into the same water for about 10 mins. to cook them through. Remove & brown under the grill. When the potatoes are cooked, remove, refresh & slice but keep that water in the pot. Tasty, tasty, very, very tasty.
Make the vinaigrette sauce –place 3 large tbsps of olive oil in a large mixing bowl.
Add 1 large tbsp of French Dijon Mustard (I stress French as Dijon mustard made by other nationalities is just not the same as they simply haven’t grasped that you don’t put sugar in Dijon mustard). Whisk this in (using a fork if you don’t have a whisk) until fully incorporated, then add 1 tbsp of cider vinegar. (Incidentally –if you buy quality jars of gherkins, onions, etc, you’ll find that they are usually preserved in spirit vinegar. When you’ve eaten the pickles, use it for sauces such as this.)
Add a generous helping of parsley, season with salt & pepper. Finely chop the shallots and add to this & mix well.
When ready to serve, slice your sausages & keep warm under a low grill or in the oven. Place the sliced potatoes in a wire sieve and dip into the hot water to heat them through again.
Remove the potatoes, shake off the excess water & drop immediately into the vinaigrette in the bowl. Stir immediately as the hot wet potatoes absorb so much more of the sauce which really is what makes it so special, despite the paucity of ingredients. The combination of shallot and vinegar goes right to the heart of each slice of potato rendering this dish unforgettable and unputdownable.
Arrange the potatoes on a plate and top with the slices of hot sausage. Serve with salad leaves & tomatoes.

Release date:

Duration:

4 minutes

This clip is from