Main content

Seal le Siân - Úlla Maisithe d’Oíche Shamhna

Ullmhaíonn Siân greimeanna a bhaineann úsáid as comhábhair nadúrtha nach bhfuil lán de shiúcra.

Úlla Maisithe d’Oíche Shamhna

Na comhábhair:
Úlla – 4 cinn
Cnónna mionghearrtha
Seacláid a bhfuil ar a laghad 70% cocoa ann (roghnach)
Bataí beaga (leis na húlla a ghreamú leo)

Don anlann caramal saillte:
Dátaí - 125g (gan na clocha iontu)
Im cnó caisiú - 170g
Uisce - ¾ Cupáin
Salann Himiléach – gráinnín
Fanaile - 1 Tsp

Treoir
An t-anlann:
1. Cuir na dátaí i mbabhla agus clúdaigh le huisce fiuchta ar feadh 20 bomaite.

2. Cuir na dátaí agus an t-im cnó caisiú sa chumascóir agus measc le chéile iad go dtí go bhfuil raimhre mhín agat.

3. Caith isteach an fanaile agus salann.

4. Cuir giotaí uisce leis go dtí go bhfuil tú sásta leis an raimhre, tá sé seo ag brath ar na dátaí.

5. Nuair atá sé sin críochnaithe agat, cuir isteach i bpróca é agus ansin cuir sa chuisneoir é. Ná gabh a fhad leis le spúnóg go dtí go bhfuil na húlla clúdaithe agat!

Na húlla:
1. Clúdaigh na húlla leis an anlann.
2. Tum isteach sna cnónna iad.
3. Clúdaigh na húlla le seacláid. (roghnach)
4. Cuir sa chuisneoir iad ar feadh 15-20 bomaite agus ansin beidh siad réidh le hithe!

Beannachtaí na Samhna oraibh!

Dáta Scaoileadh:

Fad:

2 nóiméad

Seo gearrthóg ó

Faoi thrácht in...