Main content
Níl an t-eagrán seo ar fáil faoi láthair ar Â鶹ԼÅÄ iPlayer Radio

Dáithí Ó Muirí

Meitheal, Gradaim Gnó na hÉireann, Salon Nua Eabhrac.

Is é an cuspóir atá ag an togra píolótach Meitheal ná tacaíocht chruthaitheach a shóláthar le cuidiú le forbairt agus léiriú na dtaibhealaíona do dhaoine óga ar fud na hÉireann. Tuilleadh eolais ó Mharc Mac Lochlainn ó Branar Téatar do Pháistí ar chlár na hoíche anocht. Labhraíonn Frainc Mac Cionnaith ó Glór na nGael linn faoi scéim Gradaim Gnó na hÉireann a bhfuil sé mar aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil ghnó ar fud an oileáin. Agus tá ár seanchara Siobhán Ní Chíobháin linn ó Nua Eabhrac in éineacht leis an aisteoir agus mainicín Joseph Jones, agus gach eolas acu faoi Do Thinteán Féin, salon dátheangach atá á eagrú ar líne ar an Chéadaoin 26ú.

Marc Mac Lochlainn of Branar Téatar do Pháistí introduces Meitheal, a pilot initiative to support the development and presentation of performing arts for young audiences across Ireland. Gradaim Gnó na hÉireann is a scheme aimed at promoting the Irish language within the business sector – we hear all the details from Frainc Mac Cionnaith of Glór na nGael. And Siobhán Ní Chíobháin joins us from New York along with the actor and model Joseph Jones, with news of Do Thinteán Féin, a bilingual salon event on Wednesday 26th.

27 nóiméad

An craoladh is déanaí

Máirt 18 Ean 2022 19:03

Craoladh

  • Máirt 18 Ean 2022 19:03