Main content

GAIRM: Inneachar Fuaime - ¸é²¹¾±»å¾±Ã³/Digiteach

INNEACHAR FUAIME / RAIDIÓ

Táimid ar thóir inneachar breise fuaime le craoladh inár sliotáin rialta raidió ar Â鶹ԼÅÄ Raidió Uladh agus Â鶹ԼÅÄ Raidió Feabhail, mar chuid dár sceideal samhraidh i mí Iúil agus mí Lúnasa, i rith na Nollag, i rith na Cásca agus ar laethanta saoire poiblí. Áireofar inneachar do shraitheanna podchraoltaí chomh maith.

Ba mhaith linn sraitheanna 30 bomaite a choimisiúnú a d’fhéadfaí sraitheanna leantacha a dhéanamh astu amach anseo. Áireoidh muid idir shraitheanna gearra agus shraitheanna fada ach ceithre eagrán ar a laghad agus deich gcinn ar a mhéid a bheith táirgthe leo. Ná bíodh inneachar na sraitheanna seo sainiúil d’aon am ar leith. Chuirfeadh muid fáilte roimh shraitheanna a mbeidh saol agus sláinte na bhfear mar chroílár dóibh.

Áireofar fosta cláir aonair faisnéise 30 bomaite ar fhad a dhéanann anailís ar thráthanna suntasacha, eachtraí staire agus comórthaí nó cuimhneacháin ina measc.

Inneachar sa bhreis a bheidh san inneachar seo a chuirfeadh go maith lenár n-aschur reatha raidió agus digiteach. Tá spéis againn i gcónaí tacú le hábhar oiriúnach do dhaltaí na nGaelscoileanna.

Níl muid ag lorg irischlár óir is é sin atá againn lenár n-irischlár suaitheanta, Blas. Níl muid ag lorg sraith ceoil ar bith faoi láthair.

Ba mhaith linn inneachar úr fuaime a fhorbairt sa choiméide agus sa drámaíocht.
I mbliana ba mhaith linn béim a chur ar fhorbairt scileanna agus deis a thabhairt do scríbhneoir úr nach bhfuil saothar s’acu tar éis a bheith léirithe ar raidió nó teilifís roimhe, dráma a scríobh don raidió.

Chuirfimis fáilte fosta roimh chomhléirithe le craoltóirí eile nuair is cuí.

Amharc ar faoi choinne ár n-aschur agus seánraí raidió reatha uile.

Fad an tsliotáin:
30 bomaite (7:30i.n. - 8i.n. Luan-Déardaoin ar Â鶹ԼÅÄ Raidió Uladh/Â鶹ԼÅÄ Raidió Feabhail/Â鶹ԼÅÄ Sounds).

Séasúr sliotán:
Iúil agus Lúnasa (10 x Sliotán 30’); tréimhse saoire na Nollag (8 x Sliotán 30’);
An Cháisc (4 x Sliotán 30’), laethanta saoire poiblí áitiúla/imeachtaí/cuimhneacháin (cláir a sheasfaidh leo féin, ar 30 bomaite d’fhad).

Fuaim - Táille Tháscach

Cláir faisnéise (sraitheanna san áireamh): £3k - £6k
Coiméide / Dráma (le script): £6k - £10k
Painéil (Quizanna, Coiméide, Ceol): £4k - £6k

Inneachar digiteach:
Táimid ag lorg inneachar fosta dár n-ardán digiteach bbc.co.uk/gaeilge a bheidh de bhreis air sin atá againn faoi láthair.

Áireoidh muid inneachar nuálach don lucht éisteachta óg, go háirithe dóibh siúd atá á gcur fríd an Ghaelscolaíocht, go mbeidh sé mar thacaíocht ag na daltaí óga agus ag na teaghlaigh.

Cuirfidh muid fáilte roimh smaointe/ábhar don Fhoghlaimeoir Fásta (gach leibhéal).

Áireofar fosta inneachar a chuirfeadh go maith lenár mbloic chraoltóireachta bhliantúla don raidió, go sonrach le haghaidh Seachtain na Gaeilge (1-17 Márta gach bliain) agus Oireachtas na Gaeilge 2025 (deireadh Dheireadh Fómhair).

Digiteach - Táille Tháscach:
£5k - £10k

Eochairdhátaí:
Sprioc na nIarratas do Â鶹ԼÅÄ Gaeilge: Déardaoin 18ú Iúil 2024
Gearrliosta fógartha ag Â鶹ԼÅÄ Gaeilge: Máirt 30ú Iúil 2024
Seisiún pitseála le Â鶹ԼÅÄ Gaeilge: Déardaoin 8ú Lúnasa 2024
Sprioc na nIarratas don CCG: Aoine 23ú Lúnasa 2024

Déan teagmháil ar an chéad dul síos le Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe, Â鶹ԼÅÄ Gaeilge, karen.kirby@bbc.co.uk le smaointe agus buiséid a phlé.

AUDIO / RADIO CONTENT

We are seeking additional audio content that can be broadcast in our regular radio slots on Â鶹ԼÅÄ Radio Ulster and Radio Foyle as part of our summer schedule in July and August, at Christmas, Easter and on bank holidays. Content for Podcast series on Â鶹ԼÅÄ Sounds will also be considered.

We wish to commission 30 minute series which have the potential to be returning. We will consider short and long series offering a minimum of 4 episodes and a maximum of 10 episodes. The content of these series should not be time-specific.

Single 30 minute documentary programmes which analyse significant moments in time, including historical events or anniversaries will also be considered.

This new content will be additional to and complement our existing radio and digital output. We are always interested in content that will support children attending local Gaelscoileanna.

We are not looking for a magazine-style programme as this is well served by our flagship magazine programme, Blas. We are not seeking any music series currently.

We are keen to develop new audio content in Comedy and Drama.
This year, we would like to encourage new writers to get in contact with us, those whose work has never been produced for radio or television before. We will place an emphasis on skills development with a view to writing a script for radio drama, in particular.

We would also welcome co-productions where appropriate with other broadcasters.

See for all our current radio output and genres.

Slot duration: 30 minutes (7.30pm-8pm slot Monday-Thursday on Â鶹ԼÅÄ Radio Ulster/Foyle/Sounds)

Slot season: July & August (10 x 30’ slots); Christmas holiday period (8 x 30’ slots); Easter (4 x 30’ slots), local bank holidays/events/anniversaries (singles)

Audio - Indicative Tariffs

Documentaries (incl series): £3k - £6k

Scripted Comedy and Drama: £6k - £10k

Panel programmes (quiz format, Comedy, Music): £4k - £6k

Digital content:
We are also looking for content for our digital platform which is additional to our current offering.

We will consider innovative content for younger audiences, particularly those who are opting for Irish-medium education, that the resources might support them and their families.

We will consider proposals for content for Adult Learners (all levels).

Content which would complement our special annual broadcasting blocks for radio will also be considered, specifically for Seachtain na Gaeilge (1-17 March annually) and Oireachtas na Gaeilge 2025 (end of October).

Digital - Indicative Tariff:
£5k - £10k

Key dates:
Submission date for Â鶹ԼÅÄ Gaeilge: Thursday 18th July 2024
Shortlist announced by Â鶹ԼÅÄ Gaeilge: Tuesday 30th July 2024
Pitching to Â鶹ԼÅÄ Gaeilge: Thursday 8th August 2024
Submission date for ILBF: Friday 23rd August 2024

Please make contact initially with Karen Kirby, Commissioning Executive, Â鶹ԼÅÄ Gaeilge, karen.kirby@bbc.co.uk to discuss potential ideas and budgets.