Main content

An Fhírinne Lom

Díríonn an mhionsraith bheochana trí chuid seo ar an ghnéasoideachas, agus pléann le téamaí amhail an toiliú, teorainneacha a leagan síos, agus pictiúir a roinnt ar líne - uilig pléite trí chaidreamh na ndéagóirí, Oisín agus Éilís.

°Õ´Ç¾±±ô¾±Ãº

Pléann An Chéad Phóg le cúrsaí toilithe. Is léir go bhfuil Éilís ar bís nuair a chéad phógann an bheirt, ach luathaíonn cúrsaí go gasta…

01 An Chéad Phóg

Tús an chaidrimh idir Oisín agus Éilís agus céad phóg s’acu

Grianghraif agus Teorainneacha

Is ar teoireannacha a leagan síos agus grianghraif a roinnt ar líne a dhíríonn An Pictiúr. Tá drithlíní áthais ar Oisín nuair a sheolann Éilís grianghraif di féin chuige. Iarrann sé a thuilleadh uirthi...

02 An Pictiúr

Iarrann Oisín pictiúr ar leith ar Éilís

Sceitheadh ar Líne

Tá Éilís in ísle brí agus an pictiúr a sheol sí go hOisín roinnte fud fad na scoile…

03 Sceitheadh an Phictiúir

Scaiptear an pictiúr d’Éilís agus tá sé feicthe ag achan uile dhuine sa scoil

Léirigh Waddell Media an mhionsraith seo do Â鶹ԼÅÄ Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.